Díospóireachtaí an Phiarsaigh


Díospóireachtaí an Phiarsaigh

15079010_800965970045039_4374567392795665604_n

Tá traidisiún fada díospóireachta as Gaeilge sa scoil. Is cuid lárnach de chleachtais na roinne Gaeilge í agus glactar páirt i ndíospóireachtaí Gael- Linn.

Mar aon le haidhm an chomórtais úsáidtear iad mar áis chun an teanga a mhúineadh trí rannpháirtíocht an ranga go léir.

Freastalaímid ar dhaltaí sóisearacha agus sinsearacha araon.

Tosnaíonn an comórtas i mí Deireadh Fómhair agus ag braith ar dhul chun cinn na fóirne craoltar na craobhacha réigiúnacha i mí Eanáir.

Is mar sprioc fadthéarmach againn Craobh na hEireann a bhaint amach agus Corn an Phiarsaigh a bhreith abhaile linn!

 

Nuacht is déanaí;

16ú Samhain 2016

D’éirigh leis an dá fhoireann an dara bhabhta a bhaint amach de chraobh Átha Cliath.

Is i Meánscoil Íosa’s Muire abhí na díospóireachtaí ar siúl.

 

Dhá rún spéisiúil á phlé agus sinne i bhfábhar an dá cheann;

 

Rún na Sóisir;

‘Ba cheart deireadh a chur leis na Cluichí Oilimpeacha’.

Foireann na Sóisir; Clodagh Ní Dhomhnaill, Sinéad Bhreathnach, Aoife Ní Earcáin.

 

Rún na Sinsir;

‘Ba cheart deireadh a chur leis na Cluichí Oilimpeacha’.

Foireann na Sínsear; Iqra Khalid, Marium Syed, Caoimhe Ní Chearúil, Ola Rodak.

 

Sinne ag súil go mór leis an gcéad bhabhta eile.